Ionad Theagmháil na nÓg

Tá cruinniú iarrtha agam le Príomhfheidhmeannach Bhord Oiliúna agus Oideachais na Gaillimhe maidir leis an gcinneadh chun Ionad Theagmháil na nÓg a dhúnadh.

Tháinig an cinneadh seo aniar aduaidh orm agus ar mhuintir an cheantair toisc gur tugadh gealltanais anuraidh go ndéanfar taighde ar chuile fhéidearthacht chun an áit a choinneáil oscailte. Ní fhaca mé nó an pobal toradh an taighde sin go fóill in ainneoin go bhfuil sé fógraithe go poiblí arís ag an mBord Oiliúna go bhfuil an áit chun dúnadh.

Chomh maith leis sin, i bhfreagra a fuair mé ón Roinn Oideachais maidir leis an gcás seo inniu, deimhníodh go raibh an Bord i dteagmháil le páirtithe leasmhara sa cheantar mar chuid de phróiseas comhairliúcháin roimh an chinneadh seo a dhéanamh. Faraor, áfach, ón aisfhreagra atá faighte agam ó mhuintir na háite, níl sé iomlán soiléir dóibh cé leo a bhí siad i dteagmháil.

An rud atá thar a bheith soiléir ná go bhfuil an ceantar seo buailte go dona cheana féin ó thaobh fostaíochta de agus, anuas air sin, is buille tromhchúiseach eile é don phobal Ionad Theagmháil na nÓg a dhúnadh. Tá sé soiléir freisin go bhfuil na daoine áitiúla fíor mhí-shásta leis an bpróiseas comhairliúcháin a bhí in ainm is a bheith ann.

Tháinig sé chun solais i bhfreagra eile ón Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil measúnú díreach críochnaithe ag an ESRI ar chlár Youthreach go náisiúnta agus go bhfuil an tuarascáil chríochnaitheach ag SOLAS ó Mhí na Nollag seo caite. Tá sé ráite liom go bhfoilseofar an tuarascáil sin roimh dheireadh na míosa seo chugainn agus bheadh sé níos ciallmhara fanacht ar thorthaí na tuarascála sin chun an cinneadh is fearr don cheantar a ghlacadh.

Ag an bpointe seo, tá gá le cruinniú práinneach leis an bPríomhfheidhmeannach agus tús a chur le próiseas comhairliúcháin dáiríre le muintir an phobail.

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411