Noel Browne: Blaiseadh den Searmanas Speisialta i Reilig Mhaoris inné

Noel Browne: Blaiseadh den Searmanas Speisialta i Reilig Mhaoris inné

Lá  fuar, gaofar agus é ag stealladh báistí ó ham go am ach spiorad Neol Browne á chur in iúl  dúinn cé nach bhfuil sé éasca – leanacht ar aghaidh ag obair as lámh a chéile,  chun Fís eile a chur chun cinn.

Cóip de mo phíosa cainte thíos agus cúpla grianghraf.

———————————————————

Noel Browne Nollaig 20.12. 2015

 

Is pribhléid a bheith páirteach leis an gceiliúradh speisialta seo agus mo bhuíochas le Donncha as an ócáid seo a eagrú agus cuireadh a thabhairt dom a bheith ann agus píosa cainte a dhéanamh.

In ainneoin mo dhíchill áfach, theip go huile is go hiomlán orm focail fheiliúnacha a scríobh faoi an bhFear Uasal seo, Laoch m’óige, mo shaoil, mo chlainne agus Laoch ar Lár.

Dochtúir agus Polaiteoir a rinne éacht ar son chosmhuintir na Tíre, mo chlann féin san áireamh ó thaobh Eitinne de. Polaiteoir ní amháin le Fís, rud neamhghnáthach é féin ach fear le misneach agus fuinneamh an Fhís sin a chur chun cinn in ainneoin na ndeacrachtaí sláinte a d’fhulaing sé féin agus in ainneoin na hEaglaise agus na bPáirtithe Polaitíochta a raibh sásta fanacht faoi smacht na hEaglaise agus nach raibh ar aon fhocal leis.

Rinne mé tuilleadh machnaimh ar an deacracht sin a bhí agam cúpla focal a scríobh agus rith sé liom gurbh é ba chúis leis ná an díomá bhí orm nach bhfuil an tír seo, nó aon rialtas ré ná aibí go leor fós- an Laoch seo a cheiliúradh i mbealach poiblí mar atá ag dul dó –agus níos tábhachtaí fós go bhfuil na seirbhísí bunúsacha ar ar a throid sé – córas sláinte poiblí, córas tithíochta srl fós de dhíth againn sa phoblacht seo atáimid ar tí a cheiliúradh.

Ach ní le díomá an bealach is fear ómós a thaispeáint don fhear spreagúil seo ach le dionghháilteacht leanacht ar aghaidh ag obair as lámh a chéile agus an fhís a bhí aige a chur chun cinn agus cá bhfios bfhéidir í a bhaint amach!

 

P1020054P1020062P1020078P1020073P1020066P1020064

 

 

 

 

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411