Le linn ceisteanna don Taoiseach sa Dáil Dé Máirt, d’iarr an Teachta Dála Connolly ar an Tánaiste (Simon Coveney TD in áit an Taoisigh) Gaillimh a roghnú mar thogra faoi leith – cathair ghlas a dhéanamh de a bheidh ina heiseamláir agus ina treoirphlean do chathracha eile sa tír amach anseo ó thaobh athrú aeráide de.
Dúirt sí in ainneoin áilleacht agus rathúlacht na cathrach, faraor géar, tá sí ag fulaingt agus ag tarraingt drochcháile de bharr tranglaim thráchta, cúrsaí tithíochta agus forbairt nach bhfuil bunaithe ar an leas coitianta.
Anuas air sin, is í Gaillimh ceann de na cathracha atá luaite sa Chreatlach Pleanála Náisiúnta le tuilleadh forbartha – beidh an daonra ag méadú faoi 50 faoin gcéad, ó bheagnach 80,000 go dtí 120,000 duine faoi thréimhse ghairid. Formhór na forbartha seo, beidh sé laistigh den chathair í féin, rud atá le moladh.
Gan plean cuimsitheach inmharthanach, áfach, atá dírithe ar an leas coiteann agus a aithníonn go bhfuil dúshlán faoi leith againne ó thaobh athrú aeráide de, ní bheidh muid in ann ár ndualgais dhlithiúla a chomhlíonadh.
Faoi dheireadh, a dúirt sí, tá caint faoi thascfórsa a chur le chéile maidir leis an ngéarchéim tithíochta i nGaillimh ach ní féidir cúrsaí tithíochta a fheabhsú, áfach, gan plean cuimsitheach a nascann na gnéithe éagsúla le chéile – is iad sin cúrsaí taistil, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí tithíochta bunaithe ar na freagrachtaí tromchúiseacha atá orainne maidir le hathrú aeráide. Ar ndóigh, tá sé suntasach, a dúirt sí, go bhfuil neart talaimh againn sa chathair má chuireann muid ceantar na nDuganna, stáisiún Cheannt i lár na cathrach, an seanaerfort áit a bhfuil 150 acra talúna againn, an Dyke Road, gan trácht ar thalamh institiúideach. Níl in easnamh ach fís agus toil chun dul i ngleic le hathrú aeráide le plean cuimsitheach inmharthanach.
Dúirt sí leis an Tánaiste go bhfuil cosmhuintir na tíre chun tosaigh ar an rialtas agus iad ag iarraidh orainn rud práinneach a dhéanamh faoi athrú aeráide. Sa chomhthéacs seo, beidh daltaí na tíre i mbun agóide Dé hAoine ag impí orainne, ach go háirithe ar an rialtas, an cur i gcéill a stopadh agus dul i mbun fíorghnímh. Seo anuas ar an tuarascáil ón Tionól Saoránach a foilsíodh beagnach bliain ó shin (8ú Aibreán 2018). Arís, impí práinneach atá ann ó chosmhuintir na tíre beart a dhéanamh de réir ár mbriathair, nó bheadh sé níos cirte a rá, beart a dhéanamh de réir ár ndualgas dlíthiúla.
I measc na dtrí mholadh déag sa tuarascáil seo, tá moladh faoi leith ann ó thaobh caiteachais de ar chóras iompar poiblí. Moltar go sonrach tús áite a thabhairt do leathnú amach a dhéanamh ar an tseirbhís seo in áit bhóithre nua a thógáil agus moltar tús áite a thabhairt d’áiseanna páirceála agus taistil, lánanna bus agus rothaíochta. (Téann siad chomh fada le cóimheas 2-1 a mholadh sa chás seo.)
Freisin, dúirt sí taca an ama seo anuraidh, gur bailíodh breis agus 22,000 siniú ar Shráid Shiopa na Gaillimhe ag impí ar an Aire Iompair, Shane Ross TD, staidéar féidearthachta a chur ar bun maidir le córas lightrail a chur ar fáil i nGaillimh. Chomh maith leis na sínithe, an teachtaireacht ba mhó a bhí ag pobal na Gaillimhe ná go raibh gá le beart práinneach ó thaobh cúrsaí taistil de agus athrú aeráide.
Tá sé thar am, a dúirt an Teachta Connolly, stop a chur leis an gcur i gcéill agus díriú isteach ar phlean inmharthanach do Ghaillimh. Níl an dara rogha anois againn ach córas iompair poiblí a chur i gcroílár an phlean sin má tá muid i ndáiríre faoi na spriocanna atá leagtha síos maidir le hathrú aeráide a bhaint amach.