Fáiltíonn an Teachta Dála Connolly roimh chruinniú Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

Dúirt an Teachta Dála Connolly go bhfuil sí sásta a chloisteáil go mbeidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag reáchtáil cruinnithe phoiblí anocht maidir le dúnadh Ionad Theagmháil na nÓg i dTír an Fhia.

Dar leis an Teachta Dála Connolly, tháinig an cinneadh aniar aduaidh uirthi agus ar mhuintir an cheantair nuair a d’fhógraigh an Bord go mbeidh an t-ionad ag dúnadh níos déanaí sa bhliain ach cuireann sí fáilte roimh an gcruinniú a reáchtáilfear san ionad anocht ag a 8.00i.n. Creideann an Teachta Dála gur rud dearfach é go bhfuil an Bord ag tabhairt cluas éisteachta don phobal agus go dtógfar a gcuid tuairimí ar bord agus iad ag dul chun tosaigh.

Luaigh an Teachta Dála Connolly go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh ionchur ag muintir an phobail i gcinntí a imríonn tionchar ar a bpobal féin agus go háirithe maidir le cad atá ag teastáil ón phobal ó thaobh Ionad Theagmháil na nÓg. Beidh an Teachta Dála í féin ag freastal ar an gcruinniú agus molann sí do mhuintir an phobail freastal ar an gcruinniú agus an deis a thapú a gcuid tuairimí a chur in iúl.

 

 

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411