Óráid an Teachta Dála Catherine Connolly agus Seachtain na Gaeilge 2019 á céiliúradh sa Dáil

Fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sa seisiún seo agus ráitis faoin nGaeilge á ndéanamh ag baill na Dála. Is mór an trua é, áfach, go bhfuil gá le seisiún mar seo chun aird a tharraingt ar ár dteanga dhúchais agus léiríonn an gá seo go bhfuil dúshlán mór os ár gcomhair chun labhairt na Gaeilge sa tír seo a normálú in ainneoin gurb é normálú na teanga croílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Le Breatimeacht i lár an aonaigh, cuireadh Bille na dTeangacha Oifigiúla ar an méar fhada agus ní mór dom a rá go bhfuil an Bille seo thar a bheith tábhachtach do chothú na Gaeilge agus an stádas atá aici sa stát seo. Anois agus an reachtaíocht phráinneach a bhaineann le Breatimeacht curtha tríd an Dáil, níl aon leithscéal níos mó ag an rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathair. Tá gá an bille a fhoilsiú gan tuilleadh moille chun go mbeidh cearta teanga phobal na Gaeilge á gcothú mar is ceart agus a gcearta daonna á gcothú chomh maith.

Tá sé tábhachtach a lua chomh maith go bhfuil Acht Gaeilge don Tuaisceart ríthábhachtach má tá pobal na Gaeilge ansin le cothú agus le spreagadh amach anseo. Iarraim ar an rialtas, mar sin, tuilleadh a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar rialtas na Breataine agus ar an DUP maidir leis an gceist seo.

Tugann sé ardú meanma dom Gaeilge a chloisteáil i hallaí na Dála agus chomh báúil agus atá an fhoireann ar an talamh, go háirithe na maoir, ach ní leor bá ón bhfoireann chun an teanga a chur chun cinn.  Ar ndóigh, tá tábhacht faoi leith ag baint le úsáid na Gaeilge san fhoirgneamh seo don chuid eile den tír agus an fhreagracht atá orainne dea-shampla a léiriú do mhuintir na hÉireann. Sa chomhthéacs sin, feictear dom go bhfuil géarghá tógáil ar an dea-thoil atá sa teach agus ranganna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann anseo ar amanna atá feiliúnach dóibh agus ag na leibhéil éagsúla chuí mar chuid den lá oibre.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá a fhios againn go bhfuil staid na Gaeilge thar a bheith leochaileach. Ní mór dom a rá nár tháinig an t-eolas aniar aduaidh orainn. Léiríonn figiúirí an Daonáirimh mar shampla, go raibh laghdú ann i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais ó 24% in 2011 go 21.4% in 2016. Faraor freisin agus roimh Dhaonáireamh 2016, léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh siar in 2007 agus an Nuashonrú in 2015 go raibh an Ghaeltacht go mór i mbaol agus is léir go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas.

Ar ndóigh, tá inmharthanacht na nGaeltachtaí uilig fite fúite le cúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta agus aontaím leis an aire go bhfuil ról faoi leith ag Údarás na Gaeltachta agus, gan é, bheadh staid na Gaeltachta níos measa. Sa chomhthéacs sin, ba dhrochscéal amach is amach é cinneadh HID Global athlonnú go cathair na Gaillimhe. Tá súil agam fós go mbeidh athrú intinne ach, ag an bpointe seo, ba mhaith liom aird a tharraingt ar an easpa cothromaíochta idir Údarás na Gaeltachta agus an IDA. De réir mar a thuigim, bhí an IDA in ann an comhlacht seo a mhealladh ó chroílár na Gaeltachta go Gaillimh agus más amhlaidh, ní féidir glacadh leis sin – ábhar do lá eile.

Cé go bhfuil pleananna teanga faofa ag an aire agus pleanálaithe teanga ceaptha i gcuid mhór de na Gaeltachtaí, ní leor an maoiniú atá á chur ar fáil chun na pleananna teanga sin a chur i bhfeidhm, is é sin thart ar €100,000 in aghaidh na bliana i ngach Gaeltacht. Pinginí atá i gceist anseo i ndáiríre chun teanga atá i mbaol a báis mar theanga pobail a athbheochan agus a chothú. Tá i bhfad níos mó ag teastáil chun an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm go héifeachtach ó thaobh maoinithe de agus ó thaobh foirne pleanála teanga a thógáil i ngach Gaeltacht. Is léir go bhfuiltear ag brath i bhfad an iomarca ar dhaoine deonacha sna Gaeltachtaí ar fad agus, cé go bhfuil tréaniarrachtaí ar bun ag na daoine seo, níl sé inmharthanach a bheith ag brath ar obair dheonach chun staid na Gaeilge a láidriú.

Taobh amuigh den Ghaeltacht, tá cúig Líonra Gaeilge aitheanta mar phobail Ghaeilge a fheidhmíonn trí ghréasáin shóisialta. Tugann an t-aitheantas seo aitheantas chomh maith don phobal iarnua-aoiseach atá tagtha chun cinn agus na bealaí a idirghníomhaíonn daoine lena chéile sa lá atá inniu ann. Tá an chéim seo le moladh agus ní mór a lua go bhfuil an maoiniú cuí ag teastáil chun na Líonraí Gaeilge seo a fhorbairt go héifeachtach sa todhchaí.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, ní mór dom a admháil go bhfuil dul chun cinn déanta, go sonrach an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh breis agus dhá bhliain ó shin anois. Tá a fhios agam go bhfuil próiseas leanúnach i bhfeidhm anois ó thaobh aitheantais a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta agus feicfimid toradh an phróisis sin.

Comhthreomhar leis seo, tá méadú déanta freisin ó thaobh líon na nGaelscoileanna de taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá sé soiléir nach bhfuil an córas pátrúnachta feiliúnach chun freastal ar an éileamh leanúnach atá ar thuilleadh Gaelscoileanna úra.

Mar shampla, léiríonn suirbhé a rinne an ERSI in 2015 go roghnódh 23% den phobal ó dheas an Ghaelscolaíocht dá gcuid páistí dá mbeadh Gaelscoil in aice leo ach nach bhfuil ach soláthar 5% ann don bhunscolaíocht Ghaeilge faoi láthair. Chomh maith leis sin, cé go bhfuil dhá Ghaelscoil bhreise beartaithe do 2019, sin figiúr beag as an mórfhigiúr scoile atá le tógáil i mbliana.

Anuas air sin, tá a fhios ag cách gurb é caighdeán Gaeilge na múinteoirí go ginearálta croílár na faidhbe ó thaobh múineadh na Gaeilge de. Tá an fhadhb seo admhaithe go hoscailte ag na hionaithe éagsúla ón Roinn agus ó institiúidí oideachais a tháinig os comhair an Choiste Ghaeilge, Ghaeltachta agus na nOileán. Arís, cé go bhfuil céimeanna dearfacha tógtha i gColáistí áirid, is fadhb mhór le sárú fós é má tá muid i ndáiríre faoin nGaeilge.

Mar chonclúid, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do na gníomhairí teanga agus pobail ar fad a théann i mbun feachtasaíochta ar mhaithe le cearta teanga agus daonna a bhaint amach do phobail na Gaeilge thuaidh agus theas gach lá. Tá an Dream Dearg, Conradh na Gaeilge agus grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge eile ann le moladh as an sárobair a dhéanann siad ar mhaithe le Gaeilgeoirí na tíre seo. Go leor de na feachtais agus na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na Gaeilge, is ón mbun aníos a thagann siad, le rannpháirtíocht agus guth an phobail Ghaeilge lárnach ina gcuid tograí.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do na tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge ar fud na tíre seo; iad ag snámh in aghaidh easa ó lá go lá chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chothú agus a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Níl aon dabht ann go bhfuil éacht ar bun ag na tuismitheoirí seo. Is iad siúd na daoine a chinnteoidh rath na Gaeilge mar theanga pobail sa todhchaí agus a bhfuil gach tacaíocht agus gach buíochas ag dul dóibh.

 

 

 

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411