Teagmháil na nÓg, Tír an Fhia, Conamara.

Tá díomá ar an Teachta Dála Catherine Connolly faoi thuairiscí atá ann go mbeidh Teagmháil na nÓg i dTír an Fhia le dúnadh. Deir Catherine Connolly go bhfuil seirbhís den scoth tugtha ag Teagmháil na nÓg do bhreis agus 400 déagóirí a thit amach as an scoil chóras ó bunaíodh an tionscnamh i 1991.

Tá seirbhís den tsórt seo fíor-riachtanach i nGaeltacht Chonamara agus thar a bheith tábhachtach freisin i gceantar cosúil le Ceantar na nOileán a aithníonn áisinteachtaí éagsúla Stát, an GRETB san áireamh, mar cheantar tearcfhorbartha.

Deir an Teachta Connolly go bhfuil géar gá le seirbhísí den tsórt seo a choinneál seachas a bheith ag dúnadh nó ag cur deireadh le seirbhísí don óige.

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411