An fhadhb is mó ó thaobh Ospidéal an Chlocháin ná nach bhfuil fís ag an FSS é a choinnéáil ar oscailt mar ospidéal dar leis an Teachta Dála Catherine Connolly. Preasráiteas – 12 Márta 2024

Dheimhnigh an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfuil sí céad faoin  gcéad taobh thiar de mhuintir an Chlocháin agus an ceantar máguaird maidir leis an bhfeachtas atá ar siúl acu chun an tOspidéal Ceantair a choinneáil ar oscailt. Faraor géar tá an t-ospidéal faoi bhagairt dúnadh le breis is dhá bhliain anois agus réimse leathan cúiseanna tugtha ag an FSS maidir leis an dúnadh. San áireamh tá Easpa foirne, easpa éilimh agus aighneas tionsclaithe.

Tá an t-ábhar seo ardaithe go mion minic ag an TD sa Dáil, ach go háirithe le déanaí an tseachtain seo caite. Mar fhreagra ar Shaincheist Thráthúil an Teachta ar an ábhar, d’admhaigh an tAire Stáit go hionraic nár cuireadh ar an eolas í maidir leis an ospidéal a bheith dúnta. Ní hamháin seo ach níor cuireadh na Teachtaí Dála Áitiúla ar an eolas ach an oiread.

Dúirt an Teachta Dála Connolly go bhfuil soiléireacht agus fís ó FSS an Iarthair go géar ag teastáil. Tá riachtanas an ospidéil curtha in iúl go soiléir ag daoine áitiúla, dochtúirí teaghlaigh agus ag an bhfoireann altranais sa cheantar. Tá an pearsanra leighis tar éis aird a tharraingt ar an ngéarghá le leapacha faoisimh, ionad téarnaimh céim síos mar aon le seirbhísí leighis riachtanacha eile. Ina theannta sin, cuireadh in iúl go minic go gcabhródh ospidéal lánacmhainneach sa Chlochán go mór leis an mbrú atá ar Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Mar fhreagra ar ceisteanna maidir le hOspidéal an Chlocháin, tagraíonn an FSS do phleananna don aonad nua le 40 leaba in Ionad Altranais Pobail Naomh Áine mar réiteach. Mar a d’ardaigh an Teachta Dála Connolly roimhe seo, díríonn teach altranais ar chúram cónaithe fadtéarmach seachas ar sheirbhísí ospidéil chomh maith le seirbhísí fhaoisimh nó téarnamh céim síos. Ní hionann an dá rud.  

Dúirt an Teachta Dála Connolly go bhfuil sé go hiomlán dochreidte go mbeadh ar dhaoine turas suas le 150km, nó 3 uair an chloig isteach agus amach as Gaillimh a thógáil chun teacht ar sheirbhísí riachtanacha ospidéil a d’fhéadfaí a chur ar fáil go háitiúil. Má tá an Rialtas chun Tosaíocht a thabhairt do Sláintecare agus Forbairt Réigiúnach ar bhonn cothromach a chur i bhfeidhm, ní mór dóibh deimhniú a thabhairt ar bhonn práinne go mbeidh feidhmiú iomlán in Ospidéal an Chlocháin mar chuid d’fhís agus plean seirbhíse an FSS.

CRÍOCH

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411