Iarann an Teachta Dála Connolly ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte soiléiriú a thabhairt maidir le hathoscailt an ionaid lae in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go gcuireann sí fáilte mhór roimh dheimhniú ón Aire go hathosclófar an t-ionad lae in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus go mbeidh altra seachtrach ar fáil. Tá imní mhór léirithe ag an Teachta Dála Connolly áfach nach bhfuil dáta faoi leith don athoscailt socraithe go fóill.

Ceist í seo atá ardaithe sa Dáil arís agus arís eile ag an Teachta Connolly ach go háirithe le déanaí, ag tús na míosa mar chuid de Shaincheisteanna Tráthúla agus cé gur dheimhnigh an tAire go bhfuil an t-ionad lae le hathoscailt, faraor níor thug sé dáta faoi leith.

Ina thaobh seo, tá soiléireacht á lorg ag Teachta Connolly ón FSS maidir le roinnt rudaí. Ina measc, cén céimeanna atá tógtha ag an FSS leis na dochtúirí agus leis na hAltraí Sláinte Poiblí áitiúla ar an láthair chun an t-éileamh a chinntiú, ó tharla gur luaigh dochtúir áitiúil ag cruinniú poiblí le déanaí ar an gCeathrú Rua go raibh an-éileamh ar an tseirbhís. Chomh maith leis seo, teastaíonn deimhniú maidir le cad atá i gceist ag an FSS nuair a dheirtear go mbeidh altra ar fáil go seachtrach.

Toisc go bhfuil breis is trí bliana caite anois ó dhúnadh an ionaid lae, tá sé ráite ag an Teachta Dála Connolly go bhfuil gá práinneach anois dáta oscailte faoi leith a thabhairt.

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411