Imní mhór léirithe ag an Teachta Dála Catherine Connolly maidir leis an moill do-ghlachta ar sheachadadh Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe, Coirib go Cósta. Preasráiteas – 15 Feabhra 2024

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur údar mór imní iad na moilleanna a leanann maidir le seachadadh an chláir leasaithe de Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe, Coirib go Cósta, agus gur gá tabhairt faoin fhadhb ar bhonn práinne.

Mar fhreagra ar an gceist is déanaí a chur an Teachta Dála Connolly ar an ábhar, dúirt an tAire Stáit le freagracht d’Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O’Donovan, go bhfuil sonraí maidir leis an gclár leasaithe, a bhí faoi athbhreithniú le breis is bliain anois mar gheall ar mhéadú ar scála na scéime, le teacht sna seachtainí atá romhainn. Tugadh an chéad tréimhse de 2023 mar amlíne ar dtús chun an clár athbhreithnithe a fhoilsiú, beagnach bliain ó shin.

Tá sé mar aidhm ag an scéim cosanta tuilte cosaint a thabhairt do 940 réadmhaoin in áiteanna ar an mBalla Fada, an Póirse Caoch, Canáil Eglinton, Cé na gCeannaithe, Ardán na bhFiach, Bóthar na Trá agus an Cladach. Tá clárbhuiséad tosaigh iomlán de €9.5 milliún aige agus gealladh i dtosach é a chur i gcrích in 2029. Tháinig sé chun solais in Eanáir 2023 go mbeadh i bhfad níos mó cosaintí ag teastáil, tar éis samhaltú hidreolaíoch agus hiodrálach a dhéanamh don scéim.

Bhí trí lá comhairliúcháin phoiblí le bheith mar chuid den bhunphlean Coirib go Cósta, gan ach ceann ar siúl go dtí seo i mí an Mheithimh 2021. Dheimhnigh an tAire Stáit O’Donovan, ina fhreagra ar an gceist pharlaiminteach, go bhfuiltear ag súil leis an dara lá comhairliúcháin phoiblí sa cheathrú tréimhse de 2024 – trí bliana go leith i ndiaidh an chéad cheann.

D’ardaigh an Teachta Dála Connolly, a bhfuil tar éis ceisteanna parlaiminteacha rialta a chur chuig an Aire ar an ábhar, olcas na dtuilte a d’fhorbair as Stoirm Debi i Samhain 2023, a d’fhág an t-uafás damáiste ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe, chomh maith le codanna eile den tír. I bhfianaise an scriosta, ar chúis leis na stoirmeacha is déanaí agus an mhoill ar lean le seachadadh na scéime Coirib go Cósta, éilíonn an Teachta Dála Connolly ar an Rialtas uaillmhian a léiriú, plean athbhreithnithe a fhoilsiú agus na cosaintí na cosaintí tuile riachtanacha i gcathair na Gaillimhe a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne.

CRÍOCH

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411