Léiríonn an Teachta Dála Catherine Connolly imní mhór faoi mhoilleanna san athbhreithniú reachtúil ar reachtaíocht 2017 a dhéanann coir as gnéas a cheannach. Preasráiteas – 29ú Feabhra 2024

Léiríonn an Teachta Dála Catherine Connolly imní mhór faoi mhoilleanna san athbhreithniú reachtúil ar reachtaíocht 2017 a dhéanann coir as gnéas a cheannach.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur cúis mhór imní iad moilleanna leanúnacha an Rialtais ina athbhreithniú ar Chuid 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017. Cuireadh tús leis an reachtaíocht, a dhéanann coir as gnéas a cheannach agus thionscnaíonn pionóis níos troime as ucht “bainistiú drúthlainne”, áit a n-oibríonn 2 oibrí gnéis nó níos mó ón áitreabh céanna, i mí an Mhárta 2017. Mar chuid den reachtaíocht, tá dualgas ann go n-ullmhófar tuarascáil laistigh de 3 bliana ó thosach feidhme na reachtaíochta, lena n-áirítear faisnéis faoi ghabhálacha agus faoi chiontuithe agus measúnú ar fheidhmiú na reachtaíochta maidir le sábháilteacht agus folláine oibrithe gnéis. Anois, beagnach 7 mbliana ó thosach feidhme na reachtaíochta, táimid fós ag fanacht ar an tuarascáil.

Ba é an rún a luadh sa reachtaíocht ná oibrithe gnéis a chosaint ó mhí-úsáid agus ó fhoréigean, ach cáineadh go forleathan an rún seo ag an am. Cháin grúpaí tacaíochta oibrithe gnéis an rún as a bheith dochrach d’oibrithe gnéis agus mar gheall go bhfagfadh sé gur bheag an seans go dtuairisceoidís mí-úsáid as eagla roimh géarleanúint, rud a bhrúfadh a gcuid oibre a thuilleadh faoi cheilt.   Léirigh taighde de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil Luimnigh agus Amnesty International nach bhfuil oibrithe gnéis chomh sábháilte céanna de bharr na reachtaíochta.

Faoina oibleagáid reachtúil, choimisiúnaigh an Roinn Dlí agus Cirt athbhreithniú a thosaigh in 2020 agus a bhí faoi stiúir Saineolaí Neamhspleách. Sonraítear i dtéarmaí tagartha an athbhreithnithe go ndéanfaí é laistigh de 3 mhí (faoi réir síneadh más gá). Tháinig sé chun cinn i lár na bliana 2023,  gur cheapadh an Saineolaí Neamhspleách do phíosa mór taighde eile a bhí coimisiúnaithe ag an Rialtas, an Staidéar ar Athbhreithnithe Báis ar Fhinemharú agus ar Fhoréigean Baile agus Teaghlaigh, a foilsíodh i mBealtaine 2023, ag an am céanna lena gceapadh chun an t-athbhreithniú a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Connolly go n-ardaíonn an cinneadh go mbeadh an Saineolaí Neamhspleách i gceannas ar dhá athbhreithniú chomh tábhachtach seo, gan anailís ar an ualach méadaithe ar an duine aonair seo, ceisteanna tromchúiseacha faoi thoil pholaitiúil an t-athbhreithniú seo a chur i gcrích in am.

Go deimhin, tháinig sé chun cinn níos déanaí in 2023 gur scoir an Saineolaí Neamhspleách dá rannpháirtíocht san athbhreithniú agus gur thug sí a cáipéisí agus a taighde go léir ar láimh don Roinn Dlí agus Cirt. Mar fhreagra ar shraith ceisteanna parlaiminte a chur Teachta Connolly, dhearbhaigh an Roinn Dlí agus Cirt ansin go raibh siad ag lorg léirithe spéise chun an Saineolaí Neamhspleách a athsholáthar. Mar fhreagra ar an gceist pharlaiminteach is déanaí a chur an Teachta Connolly ar an ábhar, áfach, is cosúil gur thug an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee droim láimhe iomlán lena cinneadh athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh. Ina áit sin, dhearbhaigh sí go gcuirfidh an tAonad Sonraí agus Taighde sa Roinn Dlí agus Cirt an t-athbhreithniú i gcrích anois.

Léirigh an Teachta Connolly imní mhór go bhfuil an méid a thosaigh mar athbhreithniú neamhspleách ar an reachtaíocht tógtha ar láimh anois ag an Roinn Dlí agus Cirt, rud a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar inchreidteacht na tuarascála deiridh. Baineann an t-athbhreithniú seo le grúpa daoine an-leochaileach agus imeallaithe, a bhfuil leibhéil ísle iontaoibhe acu as institiúidí Stáit. Tá sé riachtanach go scrúdófar go leordhóthanach agus go hoibiachtúil tionchar reachtaíocht 2017 ar a saol.

CRÍOCH

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411