Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Páirc Mheirlinne

Dúirt an Teachta Dála Connolly gur cosúil go bhfuil 2,000 duine ag fanacht anois ar obráid ortaipéideach ag Ospidéal Pháirc Mheirlinne in ainneoin na ngealltanas uilig atá tugtha ag lucht bainistíochta an ospidéil. Deimhníodh go raibh an méad seo daoine ar an liosta feithimh sa litir is déanaí ó mháinlia sainchomhairleach ar son grúpa deichniúr comhairleoirí eile. Tá fulaingt na ndaoine ar an liosta feithimh curtha in iúl go soiléir agus go neamhbhalbh sa litir seo, rud atá neamhghnách.

Dúradh sa litir go bhfuil an liosta ag méadú go leanúnach ó dhúnadh dhá obrádlann i Meán Fómhair 2017. Luadh sa litir go bhfuil an cás ag éirí dofhulaingthe do dhaoine atá ag fanacht agus go bhfuil a gcuid tinneas ag dul in olcas fad agus atá siad ag fanacht lena gcuid obráidí. De bharr seo, tá na comhairleoirí leighis ag impí ar an Aire a bheith níos gníomhaí agus ceannaireacht a léiriú chun teacht ar réiteach práinneach don scéal. Chomh maith leis sin, ní scéal áitiúil níos mó é seo, ach a bhfuil impleachtaí aige don reigiún.

Dúirt an Teachta Dála Connolly go bhfuil litir scríofa aici chuig an Aire Sláinte, a bhfuil cóip den litir óna comhairleoirí aige, ag lorg cruinnithe phráinnigh leis agus leis na scairshealbhóirí uilig. Anuas air sin, beidh an cheist á hardú aici le linn ceisteanna na gceannairí maidin Dhéardaoin.

Tá sé ríshoiléir, dúirt an Teachta Connolly, nach bhfuil luach dá laghad á thabhairt d’fhulaingt na n-othar atá ar an liosta feithimh; ar ndóigh, tá freagraí neamhréireacha agus contráilte á dtabhairt don Teachta ar cheisteanna atá curtha aici maidir leis an ábhar seo le 18 mí anuas. Mar shampla, ag dul siar go dtí an 22ú Feabhra 2018, chuir Saolta an Teachta Connolly ar an eolas go raibh na cáipéisí conartha seolta acu chuig an tairgeoir ba rathúla. Ar an 21ú Márta 2018, dúradh sa Dáil go raibh an próiseas tairisceana críochnaithe agus go raibh conradh bronnta. Ansin, ar an 28ú Bealtaine, deimhníodh go raibh na cáipéisí conartha malartaithe agus go raibh Saolta ag súil go mbeidh na hobrádlanna réamhdhéanta oscailte i Meán Fómhair. Ó shin, dúirt an Teachta Connolly, tá sé ag éirí níos deacra na freagraí a leanúint nó a thuiscint. Is é bun agus barr an scéil ag an bpointe seo ná nach bhfuil na hobrádlanna le feiceáil agus tá 2,000 duine ag fulaingt ar liosta feithimh, agus cur síos tubaisteach déanta ag an gcomhairleoir ortaipéideach ar an liosta sin.

4 Commerce House, Flood Street, Galway.
Tel: 091-567870
Dublin Office Tel: 01-6184411