Dheimhnigh an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfuil sí céad faoin gcéad taobh thiar de mhuintir an Chlocháin agus an ceantar máguaird maidir leis an bhfeachtas atá ar siúl acu chun an tOspidéal Ceantair a choinneáil ar oscailt. Faraor géar tá an t-ospidéal faoi bhagairt dúnadh le breis is dhá bhliain anois agus réimse leathan cúiseanna tugtha ag an FSS maidir leis an dúnadh. San áireamh tá Easpa foirne, easpa éilimh agus aighneas tionsclaithe. Tá an t-ábhar seo ardaithe go mion minic ag an TD sa Dáil, ach go háirithe le déanaí an tseachtain seo caite. Mar fhreagra ar Shaincheist Thráthúil an Teachta ar an ábhar, d’admhaigh an tAire Stáit… Continue Reading